Scéal an Dáin (story of the poem)
Bhí eisean ag iarraidh
Bhí sise ag iarraidh
Téama an Dáin
Íomhánna sa dán
Faighimid dhá phríomh-íomha sa dán, ceann amháin den fhear agus ceann eile den bhean. Tá an dán bunaithe ar an gcodarsnacht idir a mianta agus dearcaí seo.
Íomhánna sa dán: an fear
Íomhánna sa dán: an bhean
Mothúcháin sa dán - brón agus díomá
Tá brón agus díomá le feiceáil sa dán seo. Tá atmaisféar brónach agus díomách ann. Bhí rudaí difriúla ag teastáil ón bhfear agus ón mbean. Bhí an fear ag iarraidh bean chéile a bheadh sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí
“aiteas is greann
i dtógáil clainne”
Ba mhaith leis an mbean neamhspleáchas agus a bheith cothrom sa phósadh. Bhí sí ag iarraidh a roghanna féin a dhéanamh.
“taobh den bhríste…
is leath den chíste”
Tá brón agus díomá sa véarsa deireanach mar níor réitigh an lánúin le chéile agus bhí orthu scaradh óna chéile faoi dheireadh. Ní raibh an grá chomh láidir leis na mianta a bhí acu.
Meafair
An file - Pádraig Mac Suibhne
Teideal an dáin
Is teideal simplí é Colscaradh. Ní ligeann sé aon amhras don léitheoir. Tá teachtaireacht an dáin soiléir ón teideal. Bhí mianta difriúla ag an bhfear agus ag an mbean agus ní raibh an lánúin ábalta na difríochtaí sin a socrú. Cad iad na mianta? Ní raibh ach réiteach amháin ar na fadhbanna - colscaradh.