Dís Flashcards

(34 cards)

1
Q

Téama - mar bhean

A

Tá an bhean gan ainm ag caint gan stad gan staonadh ach is beag éisteacht a fhaigheann sí óna fear céile, Seán.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Téama mar fhéar

A

Tá an saol ar a thoil ag Seán. Tá sé lánsásta leis an saol mar atá sé faoi láthair agus níl áthas air nuair a thosaíonn a bhean chéile ag ceistiú a róil agus ag léiriú go bhfuil sí míshásta lena saol.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Saol na mná tí

A

Léirítear saol na mná tí traidisúnta sa ghearrscéal seo.
Tá bean Sheáin pósta agus fanann sí sa bhaile ag tabhairt aire don leanbh nuair atá a fear céile amuigh ag obair.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Saol na mná tí - máthair

A

Is bean searbh í an bhean seo mar deir sí “cad eile a bheadh ag bean ach leanbh?” Ceapann sí go bhfuil saol teoranta ag mná. Nuair a insíonn sí dá fear céile Seán go bhfuil sí ag dul amach ag obair, is é an cheist atá aige ná “cad faoi do leanbh?” (ní ár leanbh)

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q
A
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Saol na mná tí - obair tí

A

Déanann an bhean tí an obair ar fad sa teach.
Deir an bhean freisin nach bhfuil meas ag aon duine ar obair na mná tí.
Ní thugann aon duine an obair a dhéanann siad faoi deara go dtí nach ndéanann siad é

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

Saol na mná tí - spleáchas

A

Tá sí ag brath ar a fear céile chun airgead a bheith acu.
Nuair a fhásann na páistí suas, is é ról na mná ná aire a thabhairt don
fhear agus nuair a bheadh sí ina baintreach, dul agus cónaí lena mac agus a
chlann

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

An t-athrú sa saol - intro sentence

A

Taispeánann an scéal seo go raibh an saol pósta traidisiúnta ag athrú ag an am sin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

An t-athrú sa saol - saol bean Sheáin agus a smaointe

A

Níl Bean Sheáin cinnte faoina ról sa saol a thuilleadh. Phós sí Seán agus tá leanbh acu. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sí sásta lena saol mar bíonn sí ag gearán go minic faoin dearcadh atá ag daoine ar an ról.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
10
Q

An t-athrú sa saol - ról na mná ag an noiméad

A

Dar léi, níl meas ag daoine ar obair na mná tí. Bhí uair ann agus bhí an bhean tí cinnte dá ról – pósadh, aire a thabhairt do na páistí agus dá fear agus ansin, ag deireadh a saoil – a bheith ina cónaí le clann a mic. Bhí meas ar na mná nuair a chuaigh siad in aois. Ach, tá na laethanta sin ag athrú.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
11
Q

An t-athrú sa saol - bean an tsuirbhé

A

Léiríonn bean an tsuirbhé an t-athrú sin. Is bean phósta í agus lean sí ar aghaidh ag obair nuair a bhí sí torrach. Bhí sí ag iarraidh filleadh ar an obair nuair a bheadh sí ina máthair.
Chuir bean an tsuirbhé bean Sheáin ag smaoineamh faoina ról agus faoina saol.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
12
Q

Buartha faoi nuair a aoiseann sí

A

Sin an fáth a dtosaíonn sí ag caint faoi na Sínigh agus faoi Mao, mar níl a fhios aici anois cad atá uaithi agus cén cineál saoil a bheadh aici sa todhcha

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
13
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean

A

Ní fhaighimid léiriú dearfach ar an ngaol atá idir an lanúin seo

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
14
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean - Seán a bheith mícinéalta da bhean

A

Ceapann an bhean nach bhfuil meas ag Seán ar an obair a dhéanann sí agus go bhfuil ‘meas óinsí’ aige uirthí. 

Tugann Seán ‘tincéireacht’ ar an obair suirbhéireachta nuair a cuireann a bhean chéile suim ann. 

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
15
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean - is cuma leis faoina bhean

A

Téann Seán amach ag obair i rith an lae agus nuair a thagann sé abhaile sa tráthnóna, taitníonn an páipéar a léamh leis. 
Níl sé ag iarraidh labhairt lena bhean chéile.
Níl aon suim ag Seán labhairt léi – deir bean Sheáin “is tábhachtaí an páipéar ná mise” 
Ní thaispeánann sé suim ina bhean chéile nuair a deir sí go bhfuil sí sa pháipéar agus tugann sé ‘hu’ di mar fhreagra a cuid ceisteanna

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
16
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean - is duine leithleach é Seáin

A

Tá Séan sásta lena shaol mar atá sé. 
Is cuma leis go bhfuil a bhean chéile míshásta agus míshona. 
Ní chuireann sé mórán suime inti nó ceana uirthi. 

17
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean - fadhbanna cumarsáide

A

Tá fadhbanna cumarsáide idir an bheirt. 
Níl a fhios aige gur ghlac sí páirt sa suirbhé sé mhí roimhe sin ná go bhfuil a bhean míshona lena saol.
Titeann sé a chodladh taobh thiar den pháipéar nuair atá a bhean fós ag caint leis. 

18
Q

An Gaol idir Seán agus a bhean - tá Seán eagla faoi athrú

A

Níl Seán sásta cúrsaí teaghlaigh a phlé lena bhean. 

Dá mbeadh grá aige dá bhean Chéile, bheadh sé sásta éisteacht léi agus an saol a dhéanamh ní b’fhearr di.

19
Q

Bean Sheáin - cainteach

A

Tosaíonn an gearrscéal seo leis an mbean ag iarradh ar a fear céile comhrá a bheith eatarthu. 
Léimeann sí ó ábhar go hábhar – bean an tsuirbhé, sorn a cheannach, an seansaol, na Sínigh agus leabhar dearg Mao.
Labhraíonn sí go leor - ní thugann sí seans do Sheán mórán a rá. 

20
Q

Cén fáth a bhfuil Bean Sheáin chomh cainteach?

A

Toisc go mbíonn sí léi féin i rith an lae gan aon chomhluadar ach an leanbh aici, teastaíonn uaithi a bheith ag caint le duine fásta eile.

21
Q

Bean Sheáin - uaigneach

A

Ní bhíonn mórán comhluadar aici i rith an lae, bíonn sí teannta sa teach le leanbh óg. B’in an fáth ar labhair sí le bean an tsuirbhé.  
Tá sí bréan den saol leamh, leadránach atá aici. Ní dhéanann sí ach obair tí agus obair mháthar lá i ndiaidh lae

22
Q

Bean Sheáin - catalach

A

Bhí sí lánsásta labhairt le bean an tsuirbhé toisc gur chuir Seán isteach uirthi an mhaidin sin.
D’ídigh sí a fearg agus a frustrachas ar an mbean. Dúirt sí nach raibh aon mheas ag daoine ar obair mna tí agus gur sclábhaithe a bhí sna mná ar fad. Dúirt sí rudaí uafásacha faoi na fir, ach ansin deir sí nár inis sí na fírinne. 

23
Q

Bean Sheáin - cineálta

A

Bhí sí cineálta do bhean an tsuirbhé mar bhí trua aici di. Bhí bean an tsuirbhé ag obair ar an lá gruama sin agus í ag iompair clainne. 

24
Q

Bean Sheáin - ceisteach

A

Ba mhaith le bean Sheáin dul ag obair agus a hairgead féin a bheith aici. 
Chuir bean an tsuirbhé í ag smaoineamh faoi shaol bean pósta neamhspleách 

25
Bean Sheáin - frustrachas
Tá frustrachas uirthí le Seán, diúltaíonn sé labhairt léi.  Tagann sé abhaile ón obair, bíonn sé tuirseach agus ní bhíonn fonn cainte air. Ceapann sí nach bhfuil meas ag Seán ar an obair a dhéanann sí. B'in an fáth gur scaoil sí le bean an tsuirbhé mar ar deireadh, bhí duine éigin ag éisteacht léi. 
26
Seán - traidisiúnta
Tá sé pósta, téann sé amach ag obair agus bíonn a bhean chéile sa bhaile ag tabhairt aire don leanbh.  Ceapann sé gurb é ról na mná ná fanacht sa bhaile chun aire a thabhairt do na páistí.
27
Seán - traidisiúnta agus eagla faoin athrú
Tá sé lánsásta lena shaol ach níl áthas air nuair a thosaíonn a bhean chéile ag labhairt faoi dhul amach ag obair.  Tá imní air faoi thorthaí an tsuirbhé sa pháipéar - go neireoidh níos mó ban míshásta agus go n-athróidh an saol traidisiúnta a thaitníonn leis. 
28
Seán - príobháideach
Níl sé sásta nuair a cheapann sé go raibh a bhean chéile ag tabhairt a sonraí go léir do stráinséir. 
29
Sean - mímhúinte
Ní thaispeánann sé mórán suime ina bhean chéile nuair atá sí ag iarraidh caint leis. Mothaíonn an bhean go bhfuil an páipéar níos tábhachtaí ná í féin. Tá sé ina chodladh tar éis an chomhrá lena bhean, taispeánann sé seo cé chomh mímhúinte is atá sé.
30
Seán - maslach
Tugann sé 'tincéireacht' ar phost bhean an tsuirbhé nuair a deir a bhean chéile leis go bhfuil sí ag smaoineamh faoin bpost a thógáil.  Ní thugann sé aon thacaíocht di nuair a deir an bhean chéile gur mhaith léi dul amach ag obair. 
31
Seán - easpa ceanna
Ní úsáideann sé ainm a mhná chéile oiread is uair amháin sa scéal.  Léiríonn sé seo easpa suime inti agus easpa ceana uirthí. 
32
Bean an tSuirbhé - nua aimseartha
Seasann bean an tsuirbhé don saol nua-aimseartha.  Murab ionann agus an bhean, bhí sí ag obair nuair a bhí sí pósta agus bhí sí ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair nuair a bhí an leanbh aici. 
33
Bean an tSuirbhé - neamhspleách
Bhí sí agus a fear céile ag iarraidh teach a cheannach.  Ní raibh sí ag brath ar a fear céile an airgead go léir a thuilleadh.  Bhí sí ag déanamh a cuid féin airgead a dhéanamh dóibh. 
34
Bean an tSuirbhé - neamhiontaofa
Dúirt sí go mbeadh sí i dteagmháil le bean Sheáin faoina post ach níor chuala bean Sheáin aon rud uaithí.  Seans go raibh sí ag insint bréag di.