SC- An Scoil Flashcards

(9 cards)

1
Q

Déan cur síos ar an scoil seo.

A

Tá mé ag freastal ar Gaelcholáiste Uí Chonbá. Is scoil nua-aimseartha í a tógadh fiche bliain ó shin. Taobh thiar den scoil tá páirceanna imeartha agus cúirteanna cispheile agus os comhair na scoile tá carrchlós mór. Tá áiseanna den scoth ar fáil i Gaelcholáiste Uí Chonbá. Ar urlár na talún tá oifig an phriomhoide, oifig an leas-phríomhoide agus oifig an rúnaí. Tá seomraí ranga chomh maith le seomra ealaíne, seomra ceoil, seomra tíreolaíochta agus ceaintín ar urlár na talún freisin. Thuas staighre tá breis seomraí ranga, chomh maith le dhá shaotharlann, chistin, leabharlann agus oifig an ghairmthreoraí. Tá halla spóirt ar thaobh na scoile freisin. Bíonn naoi rang ag na daltaí gach lá agus críochnaíonn na ranganna ar a leathuair tar éis a trí de ghnáth. Bíonn cruinniú foirne ann gach Aoine agus críochnaíonn na ranganna ar a haon a chloig.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Céard iad na n-ábhar scoile a déanann thú?

A

Tá seacht n-ábhar scoile idir lámha agam i mbliana. Gaeilge, Béarla agus mata na hábhair atá éigeantach. Roghnaigh mé ansin staidéar a dhéanamh ar Fraincis, bitheolaíocht, cuntasaíocht agus staidéir-gnó. Is é cuntasaíocht an t-ábhar is fearr liom mar tá mé an-eagraithe agus is breá liom a bheith ag obair le huimhreacha. Ní maith liom Béarla mar tá sé deacair agus faighimid a lán obair bhaile gach uile oíche. Is aoibhinn liom Gaeilge mar is teanga cheolmhar í.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Céard iad na rialacha atá sa scoil seo?

A

Bhuel, níl cead ag daltaí fón póca a úsáid ná tobac a chaitheamh agus níl cead againn bróga reatha a chaitheamh leis an éide scoile. Má bhímid déanach don scoil ar maidin trí huaire sa tseachtain, bíonn orainn fanacht siar tar éis scoile ar an Aoine chun obair bhreise a dhéanamh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Céard a tharlaíonn nuair a bhriseann na daltaí na rialacha?

A

De ghnáth, bíonn ar an dalta a bhriseann na rialacha dul chuig oifig an leas-phríomhoide. Labhraíonn an leas-phríomhoide leis an dalta. Go minic, cuireann an príomhoide an dalta ar fionraí ar feadh lá nó dhó. Anois is arís, bíonn ar an dalta breis oibre a dhéanamh nó coimeádann an príomhoide an dalta siar tar éis scoile ar feadh uair an chloig nó dhó.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Inis dom faoin éide scoile sa scoil seo.

A

Tá ar gach dalta éide scoile a chaitheamh. Tá rogha ag na cailíní sciorta liath nó bríste liath a chaitheamh, agus téann léine bán agus geansaí dúghorm leis sin. De ghnáth, má tá na cailíní ag teacht ar scoil ar rothar nó má tá an lá fuar nó fliuch caitheann siad bríste ach uaireanta eile caitheann siad an sciorta. Is maith an rud é go bhfuil an rogha sin sa scoil anois. Tá orainn carbhat na scoile agus bróga dubha a chaitheamh freisin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

An gcuirtear an iomarca brú ar dhaltaí scoile in Éirinn?

A

Gan amhras, cuirtear an iomarca brú ar dhaltaí scoile in Éirinn. Féach ormsa. Bíonn orm an lá a chaitheamh ar scoil agus an oíche a chaitheamh sa bhaile ag staidéar. Fiú ag an deireadh seachtaine ní bhíonn an seans agam bualadh le mo chairde. Déanaimid seacht n-ábhar agus faighimid obair bhaile i ngach ábhar gach seachtain. Tá sé iomarcach, i mo thuairim. Ní thuigeann na múinteoirí an brú atá orainn. Tá a fhios agam go ndéanann siad a ndícheall ar son na ndaltaí ach ba cheart níos mó béime a chur ar spórt agus ar ábhair phraiticiúla. Ní oireann córas acadúil do gach dalta ach ní bhíonn an dara rogha acu.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

An gcuireann córas na bpointí brú ort?

A

Cuireann córas na bpointi brú dochreidte orm. Athraíonn na pointí bliain i ndiaidh bliana agus ní bhíonn a fhios ag daltaí an bhfaighidh siad a gcúrsa san ollscoil tar éis na mblianta a chaitheamh ag staidear. Anuraidh tháinig méadú mór ar na pointí a bhí ag teastáil do chúrsaí dlí san ollscoil. Bhí díomá an domhain ar a lán daltaí nuair nach bhfuair siad áit tar éis marcanna maithe a fháil san Ardteist. Ba cheart an córas a athrú. Níl sé ceart ná cóir an strus sin a chur ar dhaltaí scoile.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

Céard a dhéanfaidh tú an bhliain seo chugainn?

A

Ba mhaith liom freastal ar Ollscoil Chorcaí. Tá sé ar intinn agam céim a bhaint amach sa cuntasíocht. Tá an-suim agam sa cuntasíocht. Tá an cúrsa cúig céad is a deich phointe, agus leanfaidh an cúrsa ar feadh ceithre bliana. Nuair a bhí mé san idirbhliain, chaith mé seachtain ag déanamh taithí oibre ina hoifig agus thaitin sé go mór liom. Is léir gur post fíorshuimiúil é post an cuntasóir.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do phríomhoide?

A

Dá mbeinn i mo phríomhoide, ligfinn do na daltaí a gcuid éadaí féin a chaitheamh ar an Aoine chun deis a thabhairt dóibh a bhféiniúlacht a chur in iúl.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly